Tús Áite
RTÉ Raidió na Gaeltachta
0
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Folgen
-
Tús Áite: Mír Spóirt 21.08.2026 9Min.Na scéalta móra spóirt á chur i láthair ag Cuán Ó Flatharta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Torthaí na hArdteiste 21.08.2026 7Min.B’é inniu lá na cinniúna don mbreis is 70,000 dalta a shuígh scrúduithe na hArdteiste i mbliana - an líon is mó riamh dar le Coimisiú na Scrúduithe Stáit. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille amach ar maidin go Coláiste Íosagáin agus Eoin, i Stigh Lorgáin, chun labhairt le roinnt daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Ghearmáin, Iosrael, Lonnaíochtaí 21.08.2026 6Min.Inné do cháin ceannairí seacht dtír iarrachtaí Iosrael lonnaíochtaí nua a thógáil ar an mBruach Thiar, an lonnaíocht ar a dtugtar tionscnamh lonnaíocht E1. Phléamar an méid seo le Pádraig Ó Dochartaigh, Iriseoir sa Ghearmáin. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Painéal Nuachta 21.08.2026 17Min.Na scéalta móra nuachta á phlé le Cecilia Ní Choileáin, Abhcóide, agus Áine Ní Chiaráin, Trachtaire polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Mír na Meáin Áitiúil 20.08.2026 10Min.Scéalta nuachtáin ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Jack Basquille.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Dóram Dubs le Gaeilge: 20.08.2026 7Min.Tá CLG Bhaile Átha Cliath i mbun plean Gaeilge a fhorbairt don tréimhse 2027-2030, agus chuige sin beidh fóram speisialta, Fóram Dubs le Gaeilge, á reachtáil i bPáirc an Chrócaigh go luath chun pobal na Gaeilge san Ardchathair a thabhairt le chéile chun féachaint cad gur féidir a dhéanamh, mar phobal, chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chontae. Bhí Aodán Ceallaigh, Urlabhraí do Oifigeach gaeilge CLG BÁC, linn chun é a phlé.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Visa diúltaithe do mhic léinn ó Ghaza. 20.08.2026 6Min.Deir Coláiste na Tríonóide gur ábhar mór imní é gur diúltaíodh víosaí do mhic léinn o Ghaza teacht chun na hÉireann, in ainneoin go bhfuair siad scoláireachtaí chun staidear anseo. phléamar seo le Pádraig Mac Bhrádaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Leinn in Éirinn, a bhí ann.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Painéal Nuachta 20.08.2026 22Min.Na scéalta móra nuachta á phlé le Joe Breathnach, Iriseoir, agus Áine Ní Chiaráin, Trachtaire polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Mír na Leabhar 19.08.2026 9Min.Inniu ar an gclár, phléamar iliomad leabhar iontacha lenár léarmheastóir Áine Ní Ghlinn, I measc na leabhair a phléamar tá:Oíche Mhaith a Ghrá – Sadhbh Devlin & Brian Fitzgerald ; Gugalaí Gug agus Tic Teac Tiú – Tadhg Mac Dhonnagáin & John Ryan Gruaig Áine – Eoin Colfer, aistrithe ag Sadhbh Devlin; Katie agus an Pacáiste Rúnda – Éadaoin Ní Dhomhnaill. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Tonn Teasa an Fharraige 19.08.2026 6Min.Níor tháinig farraigí na hEorpa slán ón teas as cuimse a bhuail an Mór-Roinn an samhradh seo; shroich uiscí na meánmhara 27 céim Celsius an mhí seo caite, an teocht is airde i mí Iúil ar bith riamh; agus shroich an fharraige amach ó Mallorca 33 Celsius níos luaithe sa mhí seo. Bhí seo á phlé le Mark de Faoite, saineolaí mara agus fiontraí.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Úcráin 19.08.2026 10Min.Tá Uachtarán na hÚcráine Volodomyr Zelenskyy tar éis leas-cheannasaí oifig an Uachtaráin, Iryna Mudra, a briseadh as a post inniu, agus áisíneacht frith-choiriúlachta na hÚcráine ag fógairt gur aimsigh siad grúpa sciúradh airgid i measc státseirbhísigh. Phléamar an méid seo le Nadia Dobrianska Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Painéal Nuachta 19.08.2026 18Min.Na scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Dáinséar channabas sinstéiseach, agus an t-oighneas a leanúint sa mheánoirthear. É seo ar fad á phlé le Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times, agus Mícheál Ó hUanacháin, scríbhneoir agus iriseoir.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Mír Cartlainne 18.08.2026 9Min.Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaithe ag RTÉ. Tabharfaidh Ian Lee, Iar-Léiritheoir le RTÉ, ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Iaráin 18.08.2026 8Min.Tá an chaint idir Mheiriceá agus an Iaráin ag éirí níos bagraí arís tar éis don Mheamram Comhthuisceana idir an dá thír dul in éag inné. Deir an Iaráin go dtiontóidh siad ar sheasamh ionsaitheach anois. Phléamar an méid seo le Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire agus iar-iriseoir. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Painéal Nuachta 18.08.2026 17Min.Na scéalta móra nauchta á phlé, ina measc: Praghas Bídh agus boilsciú, agus Conas múinteoirí a choinneáil sa seomra ranga. Iad seo ar fad á phlé le Emmet Ryan, saor-iriseoir, agus Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta The Irish Times. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite - 17 Lúnasa 2026 17.08.2026 52Min.Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Aonghus Ó Lochlainn.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Painéal Nuachta 17.08.2026 18Min.Na scéalta móra nuachta á phlé, ina measc, Iosrael agus Gaza, Timpistí bóithre uafásacha, agus Smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. Iad seo ar fad á phlé le hEimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph, agus le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: 10 gCeist 17.08.2026 25Min.Pléifear 10 gceist éagsúla bunaithe ar gach aon ní faoin spéir, idir dúcheisteanna móra an tsaoil, agus nithe níos éadroime chomh maith. An tseachtain seo tá agallamh á chur ar Diarmuid Johnson, scríbhneoir agus ceoltóir. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Mír Spóirt 14.08.2026 9Min.Na scéalta móra spóirt á phlé againn le Cuán Ó Flatharta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Leathnú na Gaeltachta? 14.08.2026 10Min.Mar a tuairiscíodh i Tuairisc inniu, tá comhairleoirí contae i gCiarraí ag rá gur cheart an Ghaeltacht sa chontae a leathnú amach agus aitheantas Gaeltachta a thabhairt do níos mó bailte fearainn. Labhair muid leis an gcomhairleoir contae Shinn Féin i gCorca Dhuibhne, Roibéard Ó Brosnacháin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beliebt in
Dieser Podcast erscheint auch in den Podcast-Charts dieser Länder.