Nuacht Mhall
Conradh na Gaeilge i Londain
0
Nuacht Mhall is podchraoladh Gaeilge a léann príomhscéalta na seachtaine go mall agus go soiléir. Tá sé dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge nó ar mhian leo an nuacht a leanúint ar luas níos éasca. Clúdaíonn sé cúrsaí reatha ó Éirinn agus ón gcoigríoch. Is é Conradh na Gaeilge i Londain a chuireann an podchraoladh le chéile. Tá sé úsáideach do phobal na Gaeilge atá ag iarraidh cleachtadh éisteachta a fháil ar an teanga.
Episoder
-
10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann) 10.10.2026 7minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread.I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi.Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScostais mhaireachtála - living costsbochtaineacht leanaí - child povertyfothoghchán - by-electiondíospóireacht - debatefeiniméin aimsire - weather phenomenonteocht dromchla - surface temperature -
3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh) 04.10.2026 6minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt ar chor ar bith, dar le go leor daoine. Fiú roimh an deireadh seachtaine seo, bhí cúrsaí chomh hachrannach sin gur ghá d’UEFA an cluiche a bhogadh go dtí an Ungáir, chun coimhlint idir an dá ghrúpa lucht tacaíochta a sheachaint. Tháinig an crú ar an tairne, áfach, nuair a d’fhógair Gavin Bazunu nach raibh sé toilteanach páirt a ghlacadh i gceachtar den dá chluiche i gcoinne na nIosraelach. Dúirt Bazunu, a imríonn sa chúl le Bolton Wanderers, go raibh a chinneadh bunaithe ar a chreideamh pearsanta nach bhfuil sé ceart daoine neamhchiontach a mharú. Ina ainneoin sin, tá an cuma ar an scéal nach mothaíonn a chomh-imreoirí chomh láidir sin faoin gcinedhíothú sa Phalaistín, ós rud é gur bhuaigh an dream a bhí i bhfabhar na cluichí a chomhlíonadh nuair a reáchtáladh vóta sa seomra gléasta. Le linn an chluiche féin, bhí muinchillí dubha á gcaitheamh ag na hÉireannaigh agus d’ísligh siad a gceann agus amhrán náisiúnta Iosrael á sheinm. Idir an dá linn, cé nach raibh duine ná deoraí de lucht tacaíochta na hÉireann ann, líomhnaítear gur thug lucht tacaíochta Iosrael íde béil chiníoch d’Adam Idah. Buailfidh na foirne le chéile arís tráthnóna Dé Domhnaigh, an t-am seo sa tSeirbia, agus tá sé geallta ag captaen Iosrael, Manor Solomon, go mbeidh an toradh thar a bheith difriúil sa dara cluiche. Go Port an Dúnáin anois, agus níl aon réiteach ar an tsáinn go fóill, gan ceachtar den dá thaobh ag géilleadh go fóill. Thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le hocht mbliana is fiche anuas. Cé go raibh an mórshúil le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh cosc air mar gheall ar agóidí ón bpobal náisiúnach. Tugadh doiciméid de réitigh do gach ceann den dá thaobh agus tuigtear go bhfuil siad i mbun plé ar na moltaí. Ag tacú leis na háitritheoirí, tá baill de Chonradh na Gaeilge ann, ina measc Uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Tá sé ráite ag Jamie Bryson, comhairleoir dlí don Ord Oráisteach, áfach, nach ngéillfidís choíche, fiú dá bhfaighidís fiche milliún punt. Dar le Coimisiún na bParáidí, rinneadh níos mó ná 2,500 máirseáil i dTuaisceart Éireann ó mhí Aibreáin 2025 go dtí mí an Mhárta 2026.I mBeirlín, tá polaiteoirí Die Linke, ón eite chlé, ag bualadh leis na Glasaigh, nó ‘Die Grünen’, agus leis na Daonlathaigh Shóisialta, nó ‘die SPD’, chun tús a chur le cainteanna comhrialtais don phríomhchathair. I measc ábhair eile, beidh siad ag plé moladh ó Die Linke chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta trí thithe a ghabháil ó thiarnaí talún corparáideacha. Dá mbuafadh Die Linke an lá, ba í a gcomhcheannaire parlaiminte, Elif Eralp, an chéad bhean a bheadh ina méara ar an gcathair. Roimhe sin, áfach, tá fadhbanna le réiteach idir na páirtithe mar gheall ar a gcuid dtuairimí éagsúla faoi Iosrael. Idir an dá linn, tá Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, i mbaol fós i ndiaidh na dtorthaí toghcháin tubaisteacha, an ceann a bhuaigh an AfD, nó ‘Alternative für Deutschland’, in Sachsen-Anhalt in oirthear na tíre, san áireamh. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, is é Merz an ceannaire is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.bua gan lúcháir - joyless victorylucht tacaíochta - supporterssáinn - standoffáitritheoirí - residentscomhcheannaire - co-leaderpobalbhreitheanna - polls -
26 Meán Fómhair 2026 (An Dún) 26.09.2026 6minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí.Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. *GLUAISbreith anabaí - miscarriagetorthúlacht - fertilitypróiseas comhairliúcháin - consultation processsprioc earcaíochta - recruitment targetcrios eisiaimh - exclusion zonecónaitheoirí - residents -
19 Meán Fómhair 2026 (An Clár) 19.09.2026 7minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoindainséar a bhaineann leis an dteicneolaíocht. Scríobh sé go bhfuil orainn an luas forbartha a mhoilliú san earnáil ar eagla go rachadh an teicneolaíocht as smacht agus deireadh a chur leis an gcine daonna. D’fhógair Google an tseachtain seo guréirigh lena bhota comhrá, Gemini, haiceáil a dhéanamh ar chomlachtaí eile as a stuaim féin. Beidh Sam Altman, príomhfheidhmeannach de chuid OpenAI, ag tabhairtráiteas do cheannairí domhanda sa Náisiúin Aontaothe faoi na bagairtí abhaineann le hIntleacht Shaorga. Tá na comhlachtaí intleachta saorga ag iarraidh go mbeidh níos mó rialachán san earnáil chun na bagairtí seo a sheachaint, ach de réir cúpla saineolaí, tá siad ag déanamh áibhéil ar an gcontúirt agus ag iarraidh smacht iomlán a choimeád ar an earnáil.Ionsaíodh an Teachta Dála ó Chiarraí Theas, Michael Healy-Rae an tseachtain seo agus é ag tiomáint trí chathair Bhaile Átha Cliath. Tharla an t-ionsaí ar Shráid Chorcaí Dé Céadaoin nuair a bhí an Teachta Dála sáinnithe sa trácht. Tugadh fear darb ainmAnthony Foley os comhair na cúirte Dé hAoine agus cúisíodh é; ní dúirt sé aon rud nuair a cuireadh an chúis ina leith. Tuigtear gur thug an fear buille ar Healy-Rae tríd an bhfuinneog agus gur gearradh liopa Healy-Rae go dona agus go raibh air seachtngreim a fháil. Cháin polaitheoirí ó gach páirtípolaitaíochta agus tráchtairí sna meáin an t-ionsaí go géar. Dúirt ceannaire Phairtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur ionsaí ar an ndaonlathas a bhí ann.Tharraing an t-amhránaí Ed Sheeran conspóid mhór an tseachtain seo nuair a chaith sé an t-aoicheoltóir Macklemore amach as a chamchuairt i Meiriceá mar gheall ar an óráid a thug sé inar léirigh sé tacaíocht do mhuintir na Palaistíne. MhaíghMacklemore gur díbríodh é tar éis don bhilliúnaí Robert Kraft, a bhfuil seilbh aige ar cúpla staid sa chamchuairt, a mhíshásamh a léiriú do Sheeran agus bagairt a dhéanamh an chamchuairt iomlán a chur ar ceal. Chuir Sheeran teachtaireachtamach inar dhiúltaigh sé taobh a ghlacadh agus tar éis sin, tharraing gach aoicheoltóir eile amach as an gcamchuairt, Éireannaigh ina measc, an t-amhránaí Aaron Rowe agus an grúpa ceoil traidisiúnta, Beoga. D’fhógair an stáisiún raidió Éireannach Classic Hits nach mbeidh siad ag craoladh Sheeran ar an stáisiún níos mó agus gheall Macklemore go dtabharfaidh sé an méid airgid a fuair sé ó na ceolchoirmeacha a dhein sé sa chamchuairt go dtí seo go carthanais Phalaistíneacha.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISrabhadh - warningbota comhrá - conversation botgreim - stitchdaonlathas - democracyaoicheoltóir - guest musiciancamchuairt - tour -
12 Meán Fómhair 2026 (Ard Mhacha) 12.09.2026 12minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar chathaoirleach ar an choiste atá ag iarraidh trí eagraíocht - Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peil Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta - a thabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin. D'éirigh sí as i ndiaidh do Chumann Lúthchleas Gael a rá nach dtig leo spriocdháta cinnte a thabhairt don aontú seo. Deir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, go bhfuil sé fós ar son an aontaithe, ach go bhfuil deacrachtaí airgeadais ann maidir le maoiniú cothrom a thabhairt d'fhoirne fear agus ban. Dúirt an t-iriseoir Sinéad O'Carroll go mbaineann an scéal seo le hairgead agus cumhacht seachas le spóirt amháin. Dúirt sí freisin gurb é an rud is tábhachtaí ná rochtain chomhionann ar áiseanna agus cearta comhionanna do gach ball, is cuma cén inscne atá acu.Beidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, ag tabhairt cuairt ar Éirinn an deireadh seachtaine seo. Le linn na cuairte, buailfidh sé le ceannairí polaitiúla na tíre agus freastalóidh sé ar Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann atá ar siúl ag a ionad saoire i nDún Beag, Contae an Chláir. Tá oibríocht slándála an-mhór á hullmhú ag na Gardaí agus ag Óglaigh na hÉireann do chuairt Trump. Beidh dúshláin mhóra lóistíochta ag baint leis an chuairt seo, toisc go bhfuil cruinnithe tábhachtacha eile ar siúl san am céanna mar gheall ar uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Dúirt an Taoiseach go bhfuil muinín aige as na Gardaí go mbeidh siad in ann déileáil leis na dúshláin seo ar fad.Tá Downing Street fós ag tabhairt tacaíocht do Príomhfheidhmeannach NATS, Martin Rolfe, in ainneoin éilimh go n-éireodh sé as. D'iarr an tAire Iompair, Heidi Alexander, tuarascáil iomlán air laistigh de sheachtain maidir leis an teip theicniúil a tharla Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Chuir an fhadhb níos mó ná 2,000 eitilt ar ceal sa Bhreatain Mhór. In Éirinn, cuireadh thart ar 90 eitilt ar ceal i mBaile Átha Cliath agus bhí moilleanna i gCorcaigh agus in Aerfort na Sionainne, ach tá na sceidil ag filleadh ar an ghnáthnós anois. D'iarr Príomhoifigeach Oibríochtaí Ryanair, Neal McMahon, ar Martin Rolfe éirí as mar gheall ar mhíbhainistíocht. Dhearbhaigh Michael O'Leary go raibh ar Ryanair 260 eitilt a chur ar ceal, rud a chruthóidh caillteanas airgeadais idir €1.9m agus €7.0m don aerlíne.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmaoiniú cothrom - balanced fundingcearta comhionanna - equal rightsoibríocht slándála - security operationdúshláin lóistíochta - logistical challengesmoilleanna - delayscaillteanas airgeadais - financial loss -
5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain) 05.09.2026 4minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Contae Chill Mhantáin, agus thosaigh sí ag dornálaíocht nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois. Tá barraíocht comórtas agus duaiseanna bainte ag Taylor le liostáil anseo, ach ina measc tá bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012, curadh domhanda san éadrom-mheáchan agus curadh domhanda san éadrom-mheáchan trom. Beidh Taylor ag troid anocht den uair dheireanach, ach fanfaidh an méid atá bainte amach aici i gcuimhne lucht leanúna dornálaíochta go ceann i bhfad.Níl deireadh le cás Lindsay Clancy sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo. I ndiaidh níos mó ná sé lá de dhíospóireacht, ní raibh an giúire ábalta teacht ar chinneadh d'aon ghuth agus mar sin d'fhógair an breitheamh gur míthriail a bhí ann. Admhaíonn Clancy gur mharaigh sí a triúr páistí féin trí bliana ó shin ach maíonn sí go raibh síocóis iarthuismidh uirthi, gur tugadh barraíocht cógas di, agus nach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí i gceist. Tá roinnt cásanna dlí ar siúl maidir le míchleachtas leighis. Beidh le feiceáil anois an ndéanfaidh na hionchúisitheoirí iarracht Clancy a chur ar a triail arís.Beidh taispeántas úr ag oscailt i Músaem na Breataine an tseachtain seo agus Taipéis Bayeux le feiceáil den chéad uair riamh i Londain. Rinneadh an taipéis sna blianta i ndiaidh choncas na Normannach ar Shasana san aonú haois déag nuair a ghlac Liam Concar seilbh ar choróin Shasana, agus léirítear mór-imeachtaí an choncais uirthi, lena n-áirítear Cath Hastings agus bás Harold Godwinson, an rí deireanach de chuid na nAngla-Shacsanach. Tá an Taipéis ar cheann de na saothair ealaíne is cáiliúla agus is stairiúla ar domhan, agus beidh sí le feiceáil ón deichiú lá de mhí Mheán Fómhair go dtí an t-aonú lá déag de mhí Iúil an bhliain seo chugainn. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISdornálaí - boxeréadrom-mheáchan trom - super lightweightcinneadh d'aon ghuth - unanimous decisionmíthriail - mistrialsíocóis iarthuismidh - postpartum psychosisdúnmharú réamhbheartaithe - premeditated murderconcas - conquest -
29 Lúnasa 2026 (Liatroim) 29.08.2026 8minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille.Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gur thiomáin an carr tríd an mbacainn ar dhroichead agus gur rolladh sé síos claífort agus isteach ar an M50. Bhí an lána aneas an M50 dúnta ar feadh go leor uaireanta agus bhí malairtí slí i bhfeidhm. Tá an bheirt a bhí sa charr san ospidéal le gortuithe tromchúiseacha. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile.Tá comhaontú déanta ag Meta, an comhlacht taobh thiar de Facebook agus Instagram, chun suas le $16.68 billiún a íoc chun cásanna dlí sna Stáit Aontaithe a réiteach. Chuir 29 stát i leith gur dhear an comhlacht a chuid ardán chun páistí a dhéanamh andúilmhear, gur chuir sé tomhaltóirí amú maidir lena sábháilteacht agus gur bhailigh sé sonraí pearsanta leanaí go míchuí. Mar chuid den chomhaontú, cuirfidh Meta teorainneacha ar úsáid laethúil leanaí agus cuirfidh sé srian ar úsáid na n-ardán san oíche. Neartófar freisin na bearta chun cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar nach bhfuil oiriúnach dá n-aois. Cé go bhfuil an comhlacht tar éis comhaontú a dhéanamh, shéan sé aon éagóir. Réitíonn an socrú roinnt cásanna príobháideachais a bhaineann le scannal Cambridge Analytica freisin. Tá na cásanna seo mar chuid de rabharta níos leithne dlíthíochta faoi thionchar na meán sóisialta ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí. Tá cásanna eile fós ar siúl i gcoinne Meta agus comhlachtaí móra eile sna meáin shóisialta.Cuireann Electric Picnic críoch leis an samhradh in Éirinn gach bliain agus, is cuma faoin aimsir, tagann na mílte duine le craic agus spraoi a bhaint as an gceol agus as an gcultúr. D’oscail an fhéile a geataí tráthnóna Déardaoin, agus tá 80,000 duine i láthair sa Sráidbaile, Contae Laoise, faoi láthair. Tá áit faoi leith ag an nGaeilge i gcroílár na féile, le réimse leathan imeachtaí agus ealaíontóirí Gaeilge ar an gclár. Tá timpeall 500 duine ag campáil sa láthair Ghaeltachta, tearmann naofa do na Gaeil. Tá Puball an Phobail laistigh den láthair chomh maith, le seisiúin amhránaíochta agus péinteáil coirp thar an deireadh seachtaine. Le deich mbliana anuas, tá ardán darb ainm An Chollchoill ag cur ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge ar stáitse i lár na coille. I mbliana, tá ceol traidisiúnta, hip heap Gaelach, greann, seó solais agus neart eile le feiceáil. Chuir taifeadadh beo den phodchraoladh How to Gael tús spleodrach leis an bhféile inné le roinnt ceol agus craic ón triúr ban iontach. Beidh an ócáid ilteangach filíocht ó bhéal, REIC le Ciara Ní É sa Phuball Gaeilge inniu, an Satharn. Agus amárach, an Domhnach, craolfar clár speisialta ar TG4 le Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, ag ceiliúradh na féile agus na ndaoine a chuireann ar siúl í.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsliosbhóthar - slip roadclaífort - embankmentandúilmhear - addictedrabharta níos leithne dlíthíochta - wider wave of litigationtearmann naofa - sacred sanctuarycollchoill - hazelwood -
22 Lúnasa 2026 (Luimneach) 22.08.2026 9minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus aitheantas a tharraingt ar líne. Mar thoradh ar thimpiste gluaisteáin Dé Domhnaigh seo caite, a tharla mar gheall ar an tiomáint seo, cailleadh cúigear déagóirí agus fágadh an ceathrar sa charr eile gortaithe go dona. Creideann na Gardaí go raibh na déagóirí ag iarraidh aird na nGardaí a tharraingt mar thuig siad nach mbeadh cead acu iad a leanúint sa treo mícheart ar an mótarbhealach. Ba é seo an dara timpiste de bharr tiomána den sórt sin an mhí seo amháin. Tá beartais leagtha síos ag go leor cuideachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear TikTok agus YouTube, a thoirmisceann ábhar a thaispeánann nó a chuireann chun cinn cleasanna nó dúshláin chontúirteacha a d’fhéadfadh díobháil choirp a bheith mar thoradh orthu. Is é an rud a fhágann go bhfuil an fhadhb seo an-deacair do na Gardaí a láimhseáil ná nach gceadaítear déileáil le tóraíochtaí in aghaidh tráchta mar seo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leis.Tá sé séanta ag Donald Trump go bhfuil caibidlíocht ar siúl idir Washington agus Tehran maidir le Caolas Hormuz a athoscailt, caolas atá dúnta den chuid is mó le beagnach sé mhí le linn an chogaidh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, agus d'fhógair Uachtarán Mheiriceá feachtas ag díriú ag gheilleagar na hIaráine. Tharla an méid seo ag am a raibh an Meabhrán Tuisceana seasca lá, a ba chúis leis an sos cogaidh idir an dá thaobh, díreach tar éis dul in éag. D’athdhearbhaigh an Iaráin roinnt éileamh, lena n-áirítear go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh leis na smachtbhannaí ola ar an Iaráin agus leis an mbac cabhlaigh sa Mhuir Arabach. Cé gur bhagair Trump buamáil a dhéanamh ar Óman freisin "dá mbeadh sé ag cur isteach” ar chainteanna idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Luain, shéan sé go raibh cainteanna ar bith ar siúl faoin Chéadaoin. Idir an dá linn, tá an Rúis tar éis bagairt a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe go mbeadh ‘iarmhairtí’ tar éis tuairiscí teacht chun cinn go raibh sí ag monarú drón a úsáideann fórsaí na hÚcráine.Corónaíodh Caoilfhinn Ní Choiligh, Rós na hIarmhí, mar bhuaiteoir Rós Thrá Lí an tseachtain seo. Tá Caoilfhinn, atá cúig bliana is fiche d’aois, ag obair sa mhiondíol agus í ag déanamh staidéir le bheith ina déantóir gruaige bréige, tar éis di a cuid gruaige a chailleadh de bharr alóipéice nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Is í bunaitheoir Hair Loss Haven í freisin, grúpa a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine eile a bhfuil fadhbanna den chineál céanna acu agus a eagraíonn imeachtaí dóibh. Dúirt sí nach raibh focal le rá aici tar éis di an comórtas a bhuachan Dé Máirt. I measc duaiseanna eile, gheobhaidh sí deontas taistil luach fiche a cúig míle euro; is féidir léi é seo a úsáid chun taisteal ar fud an domhain agus freastal ar imeachtaí ina ról mar Rós Thrá Lí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISag luasghéarú - acceleratingcúinsí eisceachtúla - exceptional circumstancescaibidlíocht - negotiationag monarú - manufacturingmiondíol - retailbunaitheoir - founder -
15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo) 15.08.2026 7minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain seo, le breis agus céad go leith milliún duine faoi theocht de 35 céim nó níos mó Dé hAoine, agus falscaithe ar fud na hilchríche. Is iomaí teach a cailleadh i ndóiteán sa Lár-Réigiún Thiar i Sasana, agus cuireadh naoi ndauine déag chun ospidéil ann. Cailleadh duine i bhfalscaí sa Chróit, agus d’aistrigh níos mó ná míle duine amach as an gceantar údaí. Bhí falscaithe móra eile sa Ghréig, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, agus sa Spáinn. Tógadh amach taisce na mainistreacha San Juan de la Pena in Aragón i dtuaisceart na Spáinne, ar fhaitíos go gcaillfí é i bhfalscaí atá ag díriú ar na mainistreacha; agus bhí ar an Rómáin a n-imoibreoir núicléach a mhúchadh, toisc easpa uisce in abhainn na Danóibe.Bhí lá iontach ag Éirinn ag Craobhchomórtais na hEorpa in Birmingham Déardaoin. Bhain Mark English, ó Leitir Ceanainn, Dún na nGall, bonn óir sa rás ceannais ocht gcéad méadar, in éis dó ceithre bhonn cré-umha agus bonn airgid a bhaint ag comórtais eile. Is eisean an chéad fhear a bhain bonn óir d’Éirinn riamh i gCraobhchomórtais na hEorpa, agus é sé bliana níos sine ná éinne eile sa rás ceannais. Fiche nóiméad níos déanaí, bhain Rhasidat Adeleke, ó Thamhlacht, Baile Átha Cliath, an bonn airgid dhá chéad méadar, ar an líne, le curiarracht náisiúnta nua de 22.28 soicind.Bhí urú na gréine le feiceáil ar fud iarthar na hEorpa Dé Céadaoin. Páirturú a bhí ann den chuid is mó, acht i gconair chúng a thosaigh i dtuaisceart na Sibéire, agus a chuaigh trí oirthear na Graonlainne, iarthar na hÍoslainne, tuaisceart na Spáinne, agus na hOileáin Bhailéaracha, bhí lánurú ann. Tá lánuraithe na gréine thar a bheith speisialta agus annamh, agus is le linn lánurú amháin atá sé sábháilte chun breathnú ar an ngrian le súile nochta. Is ar éigean a sheachain conair an lándorchadais cósta thiar na hÉireann, ina raibh páirturú domhain, agus scamaill ar fud na tíre faraor; acht in Zaragoza i dtuaisceart na Spáinne, a bhí faoi spéir ghlan i gconair an lándorchadais, bhí radharc aoibhinn álainn le feiceáil thart ar a leathuair in éis a hocht sa tráthnóna, nuair a chuaigh an ghealach trasna aghaidh na gréine go hiomlán, go híseal thar fhíor na spéire san iarthuaisceart. Ag tús an lánuraithe, bhí léiriú láidir den fheiniméan ar a dtugtar an “fáinne diamaint”, nuair a thaibhsíonn atmaisféar na gréine timpeall na gealaí, le ponc amháin d’aghaidh na gréine fós ag lasadh trí ghleann ar imeall na gealaí ar nós seoide. In éis an fháinne diamaint, bhí starraiceachta brúchtacha gréine gléigeala bándearga le feiceáil go soiléir le súile nochta timpeall an diosca dubh na gealaí, suite i lonradh airgid ainglí na corónach, an t- atmaisféar taobh amuigh den ghrian, uilig leabaithe i spéir neamhshaolta dhorcha. Bhí daoine ag gáir agus ag gol le hionadh agus le háthas, agus in éis [canúint; in áit “tar éis”] ceithre scór is ceathair soicind d’iontas agus de dhraíocht, bhí an lánurú thart. Beidh lánurú na gréine eile le feiceáil ar an dara lá de mhí Lúnasa an bhliain seo chugainn, i ndeisceart na Spáinne, i dtuaisceart agus Adharc na hAfraice, agus i Leithinis na hAraibe.*Léirithe ag conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISilchríoch - continentimoibreoir núicléach - nuclear reactorin éis - after (canúint Mhaigh Eo)súile nochta - naked eyesconair - pathstarraiceachta brúchtacha gréine - solar flares -
8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall) 08.08.2026 5minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh. Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh. Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbailchríoch - finishing touchesloingeas - shippingionsaí sá - stabbing attackgortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuriesréamh-mheas - projectionrannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation -
1 Lúnasa 2026 (Tiobraid Árann) 01.08.2026 5minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D’imir an fhoireann in aghaidh na gcuradh, Ciarraí, a bhí ag tnúth leis an gcorn a bhuachaint don daicheadú huair.. Ag tús an chluiche bhí cuma láidir ar Chiarraí ach tháinig Maigh Eo ar ais ag troid agus lean cluiche sceitimíneach, lán le teannas. Ar deireadh bhuaigh Maigh Eo le cúl amháin agus fiche cúilín in aghaidh cúl amháin agus seacht gcúilín déag ag Ciarraí. Ag imirt ar an lá bhí roinnt imreoirí óga a raibh aird mór orthu, go háirithe Kobe McDonald, mac le Ciarán McDonald a d’imir i gceithre chluiche ceannais gan an bua a fháil i rith a ghairme féin, trí cheann díobh i gcoinne Chiarrai. Lá speisialta a bhí ann don iar-imreoir Andy Moran a thóg Corn Mhig Uidhir abhaile ina chéad bhliain mar bhainisteoir. Beidh deis eile ag Ciarraí an bua a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile na mBan, a bheidh á imirt i bPáirc an Chrócaigh amárach, an dara lá de mí Lúnasa, idir Ciarraí agu Gaillimh.Tá ómós á thabhairt ó gach cearn den domhan tar éis bhás tragóideach an cheoltóra Glen Hansard maidin Dé Céadaoin ag aois 56. Basaíodh é i dtimpiste gluaisrothair agus é ag taisteal abhaile ó theach tábhairne darb ainm The Wren’s Nest sna Ceapóga Sú Talún, áit a raibh sé ag seinnt níos luaithe san oíche. Tá cáil ar Hansard as a mbanna ceoil The Frames, a bhunaigh sé in 1990, as a chuid saothar mar cheoltóir aonair agus as rólanna sna scannáin The Commitments agus Once. Bhuaigh sé Oscar le Markéta Irglová don amhrán nuachumtha is fearr dá amhrán “Falling Slowly” ar fhuaimrian Once. Bhí clú air freisin as a chuid gníomhaíochais agus daonchairdis. Tháinig na mílte daoine le chéile i mBaile Átha Cliath sna laethanta tar éis a bháis ag buscáil ina onóir. Beidh tórramh poiblí dó i mBaile Átha Cliath Dé Luain agus sochraid phríobháideach Dé Máirt. Beidh sé i gcuimhne go háirithe ag a bhean chéíle Maire Saaritsa agus a mhac óg.Tá brú mór ar Uachtarán FIFA Gianna Infantino tar éis dó plean a fhógairt chun chuid de chomhlacht Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha. Dhiúltaigh roinnt cumann an plean, lena n-áirítear cumainn ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh agus Láir, agus ó réigiún Mhuir Chairib. Dúirt UEFA nach n-imreoidh aon fhoireann Eorpach i gcluichí FIFA go dtí go bhfuil stop iomplán curtha leis an bplean. D’éirigh comhairleoir Infantino Carlos Cordeiro as a ról mar agóid freisin. Seans mór go gcaillfidh Infantino a phost mar Uachtarán FIFA mar thoradh air seo, agus stair chonspóideach aige cheana sa ról. Beidh foireann na mban na hEireann ag tnúth le réiteach go háirithe, agus deis acu cáiliú do Chorn an Domhain ag teacht go luath.mallacht - cursebua mothúchánach - emotional victoryna Ceapóga Sú Talún - Strawberry Beds infheisteoirí - investors -
25 Iúil 2026 (Tír Eoghain) 25.07.2026 9minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcúilín is fiche acu in aghaidh cúl agus ocht gcúilín déag de chuid na Gaillimhe. Níor bhain Fir na dTreabh Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 2017 ann. Ina dhiaidh sin, oíche Dé Domhnaigh, imríodh cluiche ceannais Chorn an Domhain in New Jersey, agus bhí an bua ag an Spáinn den dara huair i stair na tíre. Bhí smacht láidir acu ar an chluiche,agus níor éirigh leis an Airgintín an liathróid a thabhairt dá gceannaire, Lionel Messi, a bhí ag imirt i gCorn an Domhain den uair dheireanach agus é naoi mbliana is tríocha d'aois. Ba é Kylian Mbappé a bhuaigh an Bhróg Órga, agus deich gcúl scóráilte aige le linn an chomórtais. Beidh cluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar siúl amárach, agus na curaidh reatha Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo.Tá na húdaráis sa Spáinn agus sa Fhrainc ag streachailt le smacht a choinneáil ar fhalscaithe atá ag scaipeadh mar gheall ar an tonn teasa san Eoraip. Bhí ar níos mó ná ceathrú milliúin duine an baile a fhágáil de bharr na dtinte, go háirithe gar do Bordeaux in iardheisceart na Fraince agus in Ávila, lastiar de Mhaidrid. D'éiligh Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez "Comhaontú Náisiúnta in aghaidh na hÉigeandála Comhshaoil" le dul ingleic leis an ghéarchéim. Bhí falscaí in Am Monadh Ruadh in Albain fosta, agus aslonnaíodh sráidbhaile darb ainm Nethy Bridge. Meastar nach mbeidh mórán fearthainne ann don chuid eile de mhí Iúil.Fuair buachaill óg ó Bhéal Feirste aistriú croí Dé Máirt. Tá siondróm hipeapláiseach croí clé ar Dháithí Mac Gabhann ó rugadh é sa bhliain 2016, rud a chiallaíonn nár cruthaíodh taobh clé a chroí i gceart. Chuaigh Dáithí faoi scian in Newcastle i dtuaisceart Shasana agus dúirt a athair Máirtín go bhfuil a bheola bándearg den chéad uair riamh, mar go raibh dath gorm orthu roimhe seo. Tugadh dlí úr isteach trí bliana ó shin ar a dtugtar 'Dlí Dháithí', le go mbeidh daoine ina ndeontóirí orgáin go huathoibríoch, muna bhfuil sé ráite go soiléir nár mhaith leo a bheith.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISContae an Chonartha - the Treaty CountyFir na dTreabh - the Tribesmenfalscaithe - wildfiresAm Monadh Ruadh - the Cairngorms (Gàidhlig na hAlban)siondróm hipeapláiseach croí clé - hypoplastic left heart syndromedeontóirí orgáin - organ donors -
18 Iúil 2026 (Gaillimh) 18.07.2026 7minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d’Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d’fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game -
11 Iúil 2026 (An Dún) 11.07.2026 7minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé. Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.gortuithe tromchúiseacha - serious injuriesfiosrúchán - investigation -
4 Iúil 2026 (Ard Mhacha) 04.07.2026 9minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d’éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.De réir seandálaithe, d’fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua stairiúil - historic victoryconspóid - controversyFeisire - MPprintíseachtaí teicniúla - technical apprenticeshipsseandálaithe - archaeologiststírdhreacha - landscapes -
27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath) 27.06.2026 4minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D’fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d’ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún. Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D’aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an DUP ag tús ghnó an Tionóil Dé Máirt agus mhol polaiteoirí misneach íospartaigh Donaldson as na líomhaintí a thabhairt chun cinn . Bhí an ceannaire cumhachtach agus suntasach roimhe seo tar éis é féin a chur i láthair mar dhuine a thacaigh le luachanna láidre Críostaí. Ó tugadh an breithiúnas, tá tuilleadh nochtuithe déanta ag iar-oifigigh shinsearacha póilíní agus polaiteoirí faoi iompar bréagchráifeach Donaldson.Tá an tonn teasa tubaisteach ag cur isteach ar an saol in iarthar na hEorpa, go háirithe i Sasana, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Sa Ríocht Aontaithe dhún go leor scoileanna agus gnólachtaí go luath mar gheall ar an teas dian agus tá rabhaidh ann faoi mhoilleanna agus cealuithe traenacha de réir mar a sháraíonn an teocht 37C. Tá cruinneachán teasa tar éis teochtaí a bhrú os cionn 40 céim i gcodanna d'Iarthar na hEorpa an tseachtain seo, rud a d'fhág na céadta marbh. In Éirinn tá rabhaidh tugtha faoi stoirmeacha toirní atá ar tí tarlú ar fud na tíre.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmarthanóirí - survivorsuachtarán eatramhach - interim presidentnochtuithe - revelationsbréagchráifeach - hypocriticaltonn teasa - heat wavecruinneachán teasa - heat dome -
20 Meitheamh 2026 (Luimneach) 20.06.2026 6minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc’ ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d’aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISlamháltais - concessionsbac cabhlaigh - naval blockadetréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting periodginmhilleadh - abortiontoirmeasc - prohibitionsuíomhanna cearrbhachais - gambling sitescompánaigh intleachta saorga - AI companions -
13 Meitheamh 2026 (Liatroim) 13.06.2026 9minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D’úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d’fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d’iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d’aip phodchraolta.líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abusemarthanóirí - survivorsan Roinn Bonneagair - Department for Infrastructurego huathoibríoch - automaticallybabhta díbeartha - elimination round -
6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo) 06.06.2026 8minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír. Sa litir, dúirt sé nach maith le muintir na Rúise dróin ná diúracáin na hÚcráine, nach maith leo ganntanas gásailín ná síorbholscaireacht ná síorshrianta, nach maith leo an slógadh nua atá ar intinn ag Putin, agus nach maith leo nach bhfuil aon deireadh leis an gcogadh le feiceáil. Dúirt sé go bhfuil arm na Rúise ag cailleadh tríocha míle saighdiúir in aghaidh na míosa, maraithe nó gortaithe go dona; agus go bhfuil a shaol fhéin luachmhar do Putin. Dúirt sé go bhfuil an aois ag tosnú cur isteach ar Putin, go méadfaidh an tuirse leis, agus nuair a thagann tuirseach ar an Rúis, tagann athruithe. Dúirt Putin go raibh an litir drochbhéasach, nach raibh aon chúis le cruinniú faoi láthair, agus gur cheap sé nach raibh an litir ag iarraidh cruinniú déthaobhach a eagrú.I Neipeal, tháinig Dawa Sherpa slán ó Shliabh Everest tar éis sé lá ina aonar go hard ar an sliabh, ar an dara lá dá shochraid a bheith ar siúl sa bhaile. Fágadh ina aonar é nuair a thóg sé sos ag teacht anuas thart ar 7,500 méadar, acht dúirt sé gur theip ar a chuid ocsaigin, agus ansin ní raibh sé in ann siúl a thuilleadh. Níor ith sé tada ar feadh dhá lá, agus ansin thosaigh sé ag mungailt leac oighir go crua, acht thug sé sin pian ina fhiacla dó. Ansin d’aimsigh sé seacláid ina phóca, a d’ith sé, acht ina dhiaidh sin thit sé isteach i gcreabhás. Ní raibh sé in ann dreapadh as ar feadh dhá lá go leith, go dtí gur thit maidhm shneachta isteach air, ionas go raibh sé ábalta éalú as an gcreabhás ar an sneachta. Ansin ba bheag nár chuir maidhm shneachta eile bac air, acht lean sé ar aghaidh tríd an sneachta agus tríd an oíche, go dtí go bhfacthas é ag crúbadach go mall síos go dtí an bunchampa, agus iompraíodh go sábháilteacht é. Dúirt a bhean chéile, Damu Sherpa, gur baineadh geit ollmhór aisti nuair a chonaic sí é arís den chéad uair, nach raibh sí in ann a chreideamh cén chaoi ar tháinig sé slán in aon chur, agus go raibh súil aici nach dtarlódh a leithid sin de dhochraide d’éinne eile. Dúirt a iníon, Mhendo Lhamo Sherpa, go raibh áthas orthu.Bhí bua iontach ag foireann sacair na mban na hÉireann i gcoinne na hÍsiltíre oíche Dé hAoine i bPáirc Uí Chaoimh, i gcluiche cáilithe don Chorn Domhanda. Fuair Kyra Carusa an chéad cúl d’Éirinn sa chéad leath, sula bhfuair Dominique Janssen cúl an chomhscóir don Ísiltír ó chic éirice le thart ar fiche nóiméad fágtha. Chuir Abbie Larkin Éire chun tosaigh arís, roimh chúl an chomhscóir eile ó Victoria Pelova. Acht sa nóchadú nóiméad, fuair Amber Barrett ó Dhún na nGall scór an bhua, agus bhrúcht Páirc Uí Chaoimh le ceiliúradh. Tá cluiche cáilithe amháin fágtha ag Éirinn, i gcoinne na Fraince Dé Máirt seo chugainn, agus má éiríonn leo, gheobhaidh siad cáiliú díreach chuig an gCorn Domhanda sa Bhrasaíl an bhliain seo chugainn.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScruinniú mullaigh - summit meetingsíorbholscaireacht ná síorshrianta - constant propaganda or restrictionscreabhás - crevassemaidhm shneachta - avalanchecluiche cáilithe - qualifying matchcúl an chomhscóir - the equalising goal -
30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall) 30.05.2026 7minNuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire. Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearánach - complainantcúiseamh éignithe - accusation of rapeleáiteach - meltingmeánteochtaí - average temperaturesbuabhall ailbíneach - albino buffalodos gruaige - tuft of hair
Populær i
Denne podkasten finnes også i podkast-listene til disse landene.