Tús Áite
RTÉ Raidió na Gaeltachta
0
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Episódios
-
Tús Áite: Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 15.09.2026 8minTá Macra na Feirme ag éileamh go gcuirfí 10% den bhuisie dan chéad Comhpholasaí Talmhaíochta eile ar leataobh chun an fheirmeoireacht a dhéanamh níos mealltaí don chéad ghlúin eile. Phléamar an scéal seo le Josephine O’Neill, Uachtarán Macra na Feirme, beo ón gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta in Uibh Fháillí. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Polatíocht an Lae 15.09.2026 9minScéalta móra nuachta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 15.09.2026 17minScéalta móra idirnáisiúnta á bplé leis an tOllamh Brian Ó Broin ó Ollscoil William Patterson New Jersey, údar agus tráchtaire, agus Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus tráchtaire ar Stair Mheiriceá See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Díospóireacht faoi Éire Aontaithe 15.09.2026 8minDúirt an Taoiseach go bhféadfadh Sinn Féin comhghuaillíocht SF le páirtithe Náisiúnacha san Albain agus sa Bhreatain Bheag dochar a dhéanamh do chúis Éire Aontaithe. Phléamar an scéal seo le Aengus Ó Snodaigh, TD do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus SpórtSee omnystudio.com/listener for privacy information. -
Painéal an Luain: Olltoghchán na Sualainne 14.09.2026 11minTá páirtithe freasúra ar an eite clé beagáinín beag chun tosaigh ar pháirtithe an rialtais de réir torthaí sealadacha thoghchán na Sualinne. Pléadh an méid seo leis an bpainéal, agus le Dr. Greg Darwin, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoill Uppsala. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Painéal an Luain: Éire Aontaithe i mbéal an phobail 14.09.2026 15minD'fhógair ceannairí Shinn Féin, an SNP, agus Plaid Cymru inniu go bhfuil "ré Westminster ag teacht chun deiridh" agus shínigh siad comhaontú atá dírithe ar bhrú a chur ar Shráid Downing reifrinn ar neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe a reáchtáil. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal sa stiúdieo.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Painéal an Luain: Ceanada agus an tAontas Eorpach 14.09.2026 3minDúirt Príomh Aire Cheanada Mark Carney go bhfuil Ceanada ar lorg comhghuaillíocht ar leith leis an Aontas Eorpach ach nach bhfuil Ceanada ag lorg ballraíocht san Aontas, roinn an painéal a gcuid tuairimí ar an scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Painéal an Luain: Deireadh le taraifí ar Uisce Beatha 14.09.2026 12minBhua bua mór ag Shane Lowry agus ag rialtas na hÉireann araon ar an ngalfchúrsa sa Dún Beag inné. Agus Lowry ag glacadh lena chíorann mar bhuaiteoir comórtas oscailte gailf na hÉireann d’fhógair Donald Trump go mbainfeadh sé taraifí ó uisce beatha na hÉireann. Phléamar an scéal leis an bpainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 11.09.2026 24minScéalta móra na seachtaine seo á phle againn le Emmet Ryan, Saor-iriseoir , agus Seán Ó Riain, Iar-thaidhleoir lonnaithe sa Fhrainc. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: 9/11 á chomóradh 11.09.2026 8minTá 25 bliain imithe ó ionsaithe 9/11, agus tá an lá tragóideach sin á chomóradh i Nua-Eabhrac inniu. Phléamar an scéal le duine a bhí ar an talamh ag an am, Is é sin Niall Ó Dowd, Foilsitheoir, iriseoir agus údar.See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 11.09.2026 8minScéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite - 10 Meán Fómhair 2026 10.09.2026 1hClár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Aonghus Ó Lochlainn. Inár dteannta inniu bhí: Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Eoin Dillon (píobaire); Seán Federico Ó Murchú (Eagarthóir Nuachta); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Leila Adelaide. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 14ú Meán Fómhair 10.09.2026 6minScéalta nuachtáin ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Leila Adelaide. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: 'Think in' Fhine Gael 10.09.2026 10minTá Seisiún Smaointeoireachta Fhine Gael ar siúil inniu i nGuaire, co. Loch Garman faoi láthair, Phléamar an scéal le Barry Ward, Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Trump ag ceannach vótaí? 10.09.2026 9min$5,000 atá geallta ag Donald Trump do gach uile Meiriceánach thar 18 má éiríonn leis na Poblachtánaigh smacht a fháil ar ais ar Theach na Comhdhála i dtoghcháin meán-téarma Mheiriceá i mí na Samhna. Bhí Seán Federico Ó Murchú, Eagarthóir Nuachta, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Paddy Keenan 10.09.2026 6minTá an píobaire clúiteach Paddy Keenan ar shlí na fírinne agus é seachtó sé bliain d’aois, Phléamar an fear féin, agus an tionchar a bhí aige ar saol an ceoil le Eoin Dillon, píobaire. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 10ú Meán Fómhair '26 10.09.2026 9minScéalta móra polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Mír na Meán 09.09.2026 7minNa cláireacha spéisiúla atá sna meáin fé láthair, á phlé againn le Norita Ní Chartúir. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Intleacht Shaorga 09.09.2026 9minD'éirigh taighdeoir as Anthropic, ceann de na príomhchuideachtaí hintleachta saorga ar domhan, mar gheall ar imní go bhféadfadh an teicneolaíocht "muid uile a mharú faoi dheireadh na ndeich mbliana seo". Bhí Pádraig de Búrca, Iriseoir leis An Páipéar, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information. -
Tús Áite: Feirmeoirí agus Athrú Aeráide 09.09.2026 5minBeidh ar fheirmeoirí na hÉireann ullmhú d’aimsir a bheidh ag luascadh go géar idir báisteach iomarcach, triomach agus teas - sin dar leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC). Phléamar an scéal seo le Alice Doyle, Leas Uachtarán Cumann na bhFeirmeoirí. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Popular em
Este podcast também aparece nas paradas de podcasts destes países.