Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta
Valsts Īrija
Žanri Ziņas
Valoda GA
Epizodes 100
Jaunākā 23.09.2026

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Epizodes

  • Tús Áite: Mír na Meán 23.09.2026 14min
    Phléamar na cláireacha Gaeilge is déanaí ar fiú breathnú orthu, le Brenda Ní Shúilleabháin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Scannal na Sceithirí 23.09.2026 4min
    Éilíodh fiosrúchan neamhspléach sa Seanad aréir maidir le láimhseáil nochtuithe cosanta laistigh den Gharda Síochána. Labhríomar le Iar-Gharda, Gerry Lovett. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Coimisiún na Mórshiúlta 23.09.2026 9min
    Bhí cainteanna ag Coimisiún Na Mórshúilte i dTuaisceart na hÉireann le dreamanna éagsula inniu roimh theacht ar chinneadh faoi mórshiúl conspóideach Dhroim Crí. Phléamar seo le Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Sheachtain. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Na Náisiúin Aontaithe 23.09.2026 6min
    Bhí cainteanna ag oifigigh rialtais ó Mheiriceá agus ón Iaráin ag na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrach, Bhí Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4 i láthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite Polaitíocht an Lae 23.09.2026 9min
    Scéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 22.09.2026 18min
    Na scéalta móra idirnáisúnta á phlé le Dr. Niamh Ní Bhroin, Ollamh Comhlach leis na Meán in Ollscoil Agder san Iorua, agus Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Comhchoiste na Gaeilge 22.09.2026 10min
    Cáineadh an easpa spriocanna bliantúla i dtreo na sprice 20% d’earcaithe le Gaeilge ag Comhchoiste na Gaeilge inniu. labhair muid le Séin Ó Muineacháin, TD Fhianna Fáil Bhaile Átha Cliath Thiar Lár agus Cathaoirleach Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Spórtdalladh Iosrael 22.09.2026 14min
    Heimar Hallgrímsson cáinte ag Cumann Peile Israel, spórtdalladh curtha i leith Iosrael, Phléamar an scéal le Aidan Fitzmaurice, Iriseoir Sacair leis an Irish Independent. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae 22.09.2026 8min
    Na scéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Painéal an Luain: An Ghearmáin 21.09.2026 8min
    D’admhaigh Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz gur tubaist dá pháirtí an CDU torthaí toghcháin réigiúnacha an deireadh seachtaine ach mhaigh sé go bhfanfadh sé ina phost. Phléamar an scéal i measc an phainéil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Painéal an Luain: Buiséid agus Geilleagair 21.09.2026 20min
    Dúirt an Tánaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris gur buiséid cinniúnach don tír a bheidh i mbuiséid 2027. Dúirt sé gurbh é fuinneamh an dushlán is mó don gheilleagair an Gheimhreadh seo agus nach bhfuil polaiteoir ar bith a deir gur féidir daoine a choiméad slán ón ngéarchéim fuinnimh. Phléigh an painéal an scéal seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Painéal an Luain: Scéim na mBéilte Scoile 21.09.2026 13min
    Tá an tAire Um Coimirce Shóisialaí Dara Callear le roinnt moltaí ar Scéim na mBéilte Scoile a mholadh don rialtas. Tá dhá athbhreithniú neamhspléach tar éis deacrachtaí a aithint leis an scéim. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Painéal an Luain: Buiséid agus Geilleagair 21.09.2026 20min
    Dúirt an Tánaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris gur buiséid cinniúnach don tír a bheidh i mbuiséid 2027. Dúirt sé gurbh é fuinneamh an dushlán is mó don gheilleagair an Gheimhreadh seo agus nach bhfuil polaiteoir ar bith a deir gur féidir daoine a choiméad slán ón ngéarchéim fuinnimh. Phléigh an painéal an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Éigse na Bruiséile: An Éigse féin 18.09.2026 14min
    Ar an tríú chuid den chláir, inár dteannta bhí: Radvan Markus; Barra Ó Scanláin, Roinn Ghóthaí Eachtracha is Trádála agus ball coiste na hÉigse; Ciarán Mac Fhearghusa, imeachtaí do theaghlaigh; Darragh Ó Caoimh, Centre Culturel Irlandais Pháras, agus Comhordaitheoir polasaí Colm Hawkes.See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Éigse na Bruiséile: An Éigse féin 18.09.2026 14min
    Ar an tríú chuid den chláir, inár dteannta bhí: Radvan Markus; Barra Ó Scanláin, Roinn Ghóthaí Eachtracha is Trádála agus ball coiste na hÉigse; Ciarán Mac Fhearghusa, imeachtaí do theaghlaigh; Darragh Ó Caoimh, Centre Culturel Irlandais Pháras, agus Comhordaitheoir polasaí Colm Hawkes. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Éigse na Bruiséile: An saol sa Bhruiséal. 18.09.2026 10min
    Linn ar an bpainéal den dara chuid den chláir: Peadar Ó hÚbáin, ball den Bhuanionnadaíochta; Helen Creedon, oide Gaeilge, École Européenne Bruxelles III. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 18.09.2026 17min
    Linn ar an bpainéal bhí: Caomhán Ó hÓgáin, Aistritheoir leis an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil, Róisín de Bhaldraithe, Feidhmeannach polasaí AE, IBEC augs bunaitheoir Conradh na Gaeilge sa Bhruiséil, agus Kevin Lally, Comhairleoir Polaitiúl i bPairlimint na hEorpa, Sinn Féin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 18.09.2026 17min
    Linn ar an bpainéal bhí: Caomhán Ó hÓgáin, Aistritheoir leis an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil, Róisín de Bhaldraithe, Feidhmeannach polasaí AE, IBEC augs bunaitheoir Conradh na Gaeilge sa Bhruiséil, agus Kevin Lally, Comhairleoir Polaitiúl i bPairlimint na hEorpa, Sinn Féin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Glór ár linne 2026 17.09.2026 9min
    Bhí seó taispeántais na gceoltóirí atá páirteach sa scéim 'Glór ár Linne' ar siúl aréir i Whelan’s ar Shráid Camden i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.
  • Tús Áite: Athteangaireacht stairiúil. 17.09.2026 10min
    Le déanaí, tharla an chéad ateangaireacht riamh san AE ar oráid Uachtaráin an Aontais Eorpaí. Labhair muid le cheann den fhoireann athteangaireachta, Maitias Mac Cárthaigh, ateangaire sa Choimisiún Eorpach. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Populārs valstī

Šis podkasts parādās arī šo valstu podkastu topos.